jueves, 12 de mayo de 2016

COLETTE NÍC AODHA [18.699]


Colette Níc Aodha

Colette Níc Aodha (Nacida en 1967) es una poeta irlandesa. 

Nic Aodha es nativa de Shrule, County Mayo, y actualmente vive en el condado de Galway. 

Bibliografía:

Baill Seirce ( Baile Átha Cliath , Coiscéim , 1998)
Faoi Chrann Cnó Capaill ( Coiscéim , 2000)
Gallúnach-Ar-Rópa ( Coiscéim , 2003)
Ádh Mór (short-stories, Coiscéim , 2004).
Sundial (Galway, Arlen House, 2005/New York, Syracuse University Press, 2006)
Between Curses / Baine Géar (Arlen House, 2007)
Scéal ón Oirthir ( Coiscéim , 2009).
Raiftearaí i gCeartlár a Dhaoine san 21ú Aois ( Coiscéim , 2009)



Translator: Alexander Best     |   https://zocalopoets.com/page/4/



Ruinas

Buscando en los annales
por los acontecimientos que sucedieron
durante una época diferente;
recreando el Tiempo en las ruinas antiguas,
tocando la música de los ancianos,
pasos de baile de los ascendientes.

Anoche yo visité al lugar de mi padre
pero encontré la derrota de
una casa confeccionada de piel
mientras una otra ha estado dado forma
de abajo por sus huesos.




Ruins

Searching the annals
for events which took place
in a different era
Recreating time in old ruins
Playing ancient music
Dancing steps of our ancestors

Last night I visited my father’s place
but found a ruin of a house
crafted from skin
as another was shape
below from his bone





Macasamhail

macasamhail.

Chas mé le bean álainn a bhaistigh
ainm ar a sos míostraithe
béar a thug sí air
toisc go raibh sé firinscneach

í ina suí in aice tine
drumaí á bhualadh sa chúlra
thosaíomar ag rince thart
timpeall na lasracha, fáinne

leath bíogbhuillí rithimeacha
taithí carasmatach,
seanbhean a mo ghríogadh
chun dul ag damhsa

is thosaigh sí ag cogarnaíl
gur rith sé léi go raibh aithne
agam féin go pearsanta ar an mbéar;
chasamar trí rann is amhrán

thosaigh na fir ag cantaireacht
is ag cuimilt chraiceann an bhuabhaill
roghnaigh mé dhá seithe
le tabhairt abhaile dom shiopa cheardlanna.





Ar ais ón nGaeltacht i gCeanada!

Bhí cúpla seachtain den scoth againn in Ontario sa Ghaeltact thall ansin. Chas mé le daoine den scoth ann, idir óg agus aosta.
Seo dán a scríobh mé ag cur síos ar na heactraí ar fad!

An Ghaeltacht i gCeanada; ar thóir Perseid.

Fáilte is fiche ag aerfort Toronto
Beannú ó bhéar dubh ar maidin
Muidne triúr ag triall ar siopa,
Chasamar le daoine den scoth ann
Sa láthair campála timpeall na tine
Nó i Halla an Léigiúin sa bhaile,

Tamworth is ainm don áit.
Ar thursa allamuigh na seachtaine
Bhlaiseamar ealaíontóirí na háite
Clocha ceardaithe is miotal soghluaiste
Sean gach dí is nua gach bia
i dtígh Mhic Dhiarmada Dún Laoighre

le cuidiú ó Anna, Síle is Stiofán
laochra móra na seachtaine.
Ellie, Abel is Emily ag coinneáil ag imeacht muid,
Fonn orainn dul chuig faoisín
Chuig an Moinsíneoir Auguistín uasal,
Ach gan morán peaca a aithris

De bharr fuacht na haimsire is báisteach,
Deacair ár gcuid fola a theamh,
Gan áilíos le braith in áit ar bith,
Trácht ar Pherseid is peil ghaelach
Ar Rí na nDúl is radharcanna áille
Ar spéir ghlan ghorm is ollghealach

Ach an focal scoir i gconaí ag muscít
Ag sú fola na hEireannaigh blasta
is neamhaird ar ‘deet.’

Colette Níc Aodha Lúnasa 2014.




Fionn

Trí thimpiste a tháinig mé
ar a sheanuaimh, an ghrian
ag lonradh trí scoilt
sa díon, cuma an-éagsúil
ar an áit, an aois mhór a bhí air
greanta ar a aghaidh
ach gan aon mhaolú
ar an bhfáiltiú
a bhí aige dá chomrádaithe,
ba é tús catha, deireadh áir,
a fhios aige go maith cá háit
ba cheart aon líne chatha a tharraingt,
ach anois a chlaíomh ar leataobh,
ní théann sé amach
faoi na cnoic i mbun seilge fiú.






.

No hay comentarios:

Publicar un comentario